Wednesday, September 16, 2015
Tuesday, September 15, 2015
Aertarló Bheirlin - Bolscaireacht na Breataine??
Seo scannán a rinneadh sa Bhreatain faoi AERTARLÓ BHEIRLIN. An síleann tú gur sampla é seo de bholscaireacht? Cén dóigh?
Wednesday, September 9, 2015
An Cogadh Fuar
Tá an físeán idirghníomhach seo ón BBC úsáideach chun an buneolas a fháil faoin chogadh fhuar - téigh go dtí páirt 5 chun eolas a fháil faoi na cúiseanna a bhí leis an Chogadh.
Féach fosta ar an suíomh seo.
Tá doiciméid agus cartún anseo a thugann léargas ar na cúiseanna a bhí leis an chogadh fhuar fosta.
Tuesday, September 8, 2015
Leabharlann an Uachtaráin
Lean an nasc seo chuig Leabharlann an Uachtaráin Truman. Tá doiciméid, grianghraif agus eile a chuideoidh leat tuigbheail a fháil ar pholasaithe Truman.
Truman ag cur in éadan fhás an chumannachais
Mar go raibh Truman buartha faoi fhas an Chumannachais san Eoraip, shocraigh sé ar pholasaí eachtrach gníomhach a chur i bhfeidhm. Bhí TEAGASC TRUMAN mar bhunchloch an pholasaí seo: gan ligint don chumannachas fás amach as na háiteanna ina raibh sé anois agus cuidiú a thabhairt do thíortha a bhí ag troid in éadan cumannachais.
Le PLEAN MARSHALL chuir na Stáit Aontaithe airgead ar fáil chun an Eoraip a atógáil. Chreid Truman, má bhí fostaíocht agus infreastruchtúr maith ag an Eoraip nach mbeadh na daoine ann ag iarraidh cumannachas a thabhairt isteach.
POLASAÍ AN SRIANTA a thugtar ar an pholasaí seo a lean Truman, agus bhí sé mar bhun-phrionsabal ag na Stáit Aontaithe i ngnóthaí eachtracha ar feadh 40 bliain ina dhiaidh sin.
Thursday, September 3, 2015

Tá eolas anseo ar an dá pháirtí polaitíochta mór sna Stáit Aontaithe - Na Daonlathaigh agus na Poblachtaigh. Tugtar eolas faoin stair a bhaineann leo agus na difríochtaí eatarthu.
Wednesday, September 2, 2015
Stair Mheiriceá ó 1780 - 1950í
San fhíseán seo, feicfidh tú mar a d'fhás Na Stáit Aontaithe ó 13 choilíneacht go 50 stát.
Tuesday, September 1, 2015
Struchtúr an Rialtais Fheidearálaigh sna Stáit Aontaithe
Tá cur síos ar an struchtúr atá ag an rialtas feidearálach sna SA ar fáil ag an nasc seo.
Subscribe to:
Posts (Atom)
